Faoi láthair tá muid ag bailiú sonraí i scoileanna agus i roinnt tíortha Eorpacha le grúpaí tástála agus grúpa cóimheasa chun tionchar an chur chuige nua litearthachta a shainaithint.
 
Má thugann tú do sheoladh R-phoist dúinn, cuirfidh muid tú ar an eolas a luaithe agus a bhíonn na torthaí foilsithe anseo.
 
Tá an Staidéar seo á dhéanamh i gcomhar le heolaithe de chuid na hOllscoile Lumiere2,  Lyon sa Fhrainc, a d’fhoilsigh an leabhar sárdhíola sa bhliain "Un college saisi par les arts“ (Meánscoil treascartha ag na healaíona)
 
"Tá eachtraíocht scoile tar éis an gheallúint seo a thabhairt chun 'misneach a mhúscailt' agus chun tosaíocht a thabhairt don ealaín agus do na healaíontóirí ag croílár na foghlama. "
 
Sa leabhar seo tumtar muid isteach i gcroílár eachtaíocht iontach oideachasúil agus daonna: ar feadh ceithre bliana, cuireadh oiliúint san ealaín ar dhaltaí ó Collège des Escholiers-de-la-Mosson, i gcomharsanacht leochaileach i Montpellier – oiliúint sa chóiréagrafaíocht, sa cheol agus sa drámaíocht ar feadh sé huaire sa tseachtain. Ó aois a 12 go haois 15, rinne an rang turgnamach ealaíne seo a thionscain Hérault Musique Danse, an fhoireann iomlán teagaisc a thabhairt le chéile agus rinne foireann taighdeoirí, faoi stiúir Alain Kerlan, meastóireacht air seo.
 
San imscrúdú seo mealltar muid chun tuiscint níos fearr a bhaint as cad atá ag croílár an triantáin oideolaíaigh seo d’ealaíontóirí/de dhaltaí/de thuismitheoirí agus chun dul i dtreo na n-éífeachtaí oideachasúla a bhaineann le healaín, gan na contúirtí a cheilt: forbairt phearsanta, féinmhuinín, neamhspleáchas, sóisialú, forbairt chognaíoch agus dul chun cinn acadúil, ach chomh maith leis sin,
 
tá i bhfad níos mó ná sin i gceist, is é sin an cineál fiúntais a thagann le fíor-eispéireas aeistéitiúil.
 
Tugtar dúinn fíorphléisiúr na léitheoireachta sa taispeántas beo seo de chomheispéireas daltaí, ealaíontóirí agus múinteoirí "tapaithe" ag na healaíona ina léirítear ann saoráid na scríbhneoireachta agus anailís mhín bheacht.
 
Tiocfaidh múinteoirí, ealaíontóirí, mic léinn agus tuismitheoirí ar ábhar luachmhar ann.
 
Tháinig ann don leabhar le cabhair ó Françoise Carraud, Céline Choquet agus Samia Langar. Is léachtóir é Françoise Carraud ag Université Lumière-Lyon II agus ball de Laboratoire Éducation Cultures Politiques. Is iarrthóirí dochtúireachta Céline Choquet agus Samia Langar sa tsaotharlann seo.
 
Le tacaíocht ó Hérault Musique Danse agus Laboratoire Éducation Cultures Politiques (Ollscoil Lyon 2 / IFE-ENS / USM).